Céad Comaoineach Rang 2

Comhghairdeas le buachaillí agus cailíní Rang 2 a dhéin a gCéad Comaoineach Dé Satharn seo caite i Seipéal Naomh Iosaf.

Bhí sé soiléir go raibh an-ullmhucháin  déanta ag na páistí don ocáid agus idir ceol agus amhránaíocht chuir siad taispeántas álainn i láthair.

Is léir ó na pictiúir thíos gur fhéach na páistí gleoite ar an lá agus gur bhain siad an taitneamh as. Maith sibh a pháistí.

2017-05-17T22:06:43+00:00