Cluichí Pobal : Comórtaisí Ficheall agus Luthchleasaíochta

 

Comhghairdeas le foireann fichille na hInse  a ghlac pháirt i gCluichí Pobal na Mumhan  le déanaí. Bhí an bua ag na foirne fé-13 agus fé-16 ar an lá agus rachaidh na foirne ar aghaidh anois go Craobh na hÉireann. Comhghairdeas ollmhór le James Rochford, Dylan Ó Luathraigh agus Conal Mac Cárthaigh a bhí ar an bhfoireann fé 13 agus Adam Gomez a bhí ar an bhfoireann fé 16. Go n-eirí libh sa chraobh!!!!

Féach thíos le haghaidh eolais do na comórtaisí lúthchleasaíochta

Comortaisí Luthchleasaíochta

Beidh Cluichí Pobal  sa  lúthchleasaíocht  i Lees Road mar seo a leanas:

Luan 24ú Aibreán – U12, U14 & U16 ag tosnú @ 6.30 i.n.

Máirt 25ú Aibreán – U6, U8 & U10 ag tosnú @ 6.30 i.n.

Clárúchán ó 5 – 6 gach lá i Lees Rd muna  bhfuil foirm líonta amach agaibh.

Tá foirmeacha clárúcháin san oifig  ach is féidir le héinne clárú ar an lá.

2017-04-06T23:40:48+00:00