Cuairt Leah Ní Riada (feisire de Pharlaimint na hEorpa) ar Ghealscoil Mhicíl Cíosóg

 

Bhí an t-ádh linn inné nuair a tháinig Leah Ní Riada chun na scoile chun bualadh leis na páistí agus an fhoireann. Is (FSE) Member of European Parliament) í Leah agus labhair sí leis na páistí faoin obair go mbíonn ar siúl aici chun an teanga Ghaeilge a chur chun cinn i bParlaimint na hEorpa. Chan cór na scoile cúpla amhráin álainn di, chas an grúpa ceoil roinnt poirt di agus bhí blas den sean nós chomh maith le rince againn. Bhain Leah an-taitneamh as a cuairt ar an scoil agus dar leí ní fhaca sí a léithéid de thaispeántais in aon scoil gur thug sí cuairt ar go dtí seo. Maith sibh a pháistí agus míle buíochas  Leah!

 

 

2017-11-08T23:40:28+00:00