Dráma i nGlór! Rang Méabh

Peadar Piongain agus a Chairde!IMG_5308

 

Bhíomar ar bís ar fad ar an Déardaoin seo chaite agus muid ar ár mbealach go dtí Glór!

Bhí na piongainí, na béir, na páistí, na fir, na scéalaithe, an príomh-aire, an fidléir, na Djs agus na láithreoirí go léir réidh a seacht ndícheall a dhéanamh ar an stáitse! Agus sin go díreach a rinne siad! Labhair siad amach os ard go soiléir, chan siad in ard a ngutha agus bhí an aisteoireacht thar barr! Ní haon ionadh é mar sin gur éirigh leo dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile! Beidh sé ar siúl ar an Déardaoin 19ú Márta. Comhghairdeachas!

Ní amháin sin ach d’éirigh linn trófaí don ‘Léiritheoir is Fearr’ a bhuachaint freisin!

Bhaineamar ana-chuid taitneamh agus tairbhe as agus táimid ag tnúth go mór leis an gcéad bhabhta eile!

IMG_6008

IMG_5985 IMG_5983 IMG_5981 IMG_5978 IMG_5976 IMG_5974 IMG_5972 IMG_5970IMG_5311 IMG_5366 IMG_5368 IMG_5373 IMG_5376 IMG_5381 IMG_5387 IMG_5409 IMG_5410 IMG_5411 IMG_5412 IMG_5415 IMG_5420 IMG_5421 IMG_5422 IMG_5423 IMG_5733 IMG_5736 IMG_5737 IMG_5740 IMG_5742 IMG_5750 IMG_5752 IMG_5753 IMG_5758 IMG_5884

2015-03-09T09:34:18+00:00