Stair na Scoile 2017-10-25T15:16:32+00:00

Cúlra

Ag tús na n-ochtódaí, bhí aird an phobail ag méadú ar choincheap na Gaelscolaíochta (ag dul i bhfeidhm go mór ar an bpobal). In Inis ag an am, bhí Craobh de Chonradh na Gaeilge ath-bhunaithe ó 1979 agus bhí tionscnaimh phobail á eagrú aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile. Athbhunaíodh Craobh de Chonradh na Gaeilge in Inis i 1979 a bhi go mór chun cinn in athbheochan Gaeilge na hÍnse ag an ceantar máguard ag an am. Thug an Conradh ionsparáid don phobal agus d’éirigh leis aird na ndaoine a dhíriú ar an nGaeilge. Go deimhin bhí cúltur láidir in Inis cheana féin agus labhair roinnt mhaith de mhuintir na hÍnse Gaeilge .

De réir a chéile, bhí ag éirí leis aird an phobail á dhíriú ar an nGaeilge. Bhí go leor daoine sa bhaile a labhair Gaeilge agus bhí traidisiún láidir Gaeilge ann.
I 1981, beartaíodh comóradh a eagrú chun bunú Irisleabhar na Gaedhilge in 1882 ag Mícheál Cíosóg a cheiliúradh. Reachtáileadh an Chomóradh i Mí na Samhna 1982 le deireadh seachtaine de imeachtaí ar an gCarn, áit dhúchaís Chíosóig, agus in Inis. D’fhreastail Uachtarán na hÉireann, An Dr. Pádraig Ó hIlghire ar an gComóradh, áit a labhair sé go poiblí faoin nGaeilge. Dúirt sé, Tá rud marfach, uaigneach ag baint le bás teanga, ná bíodh sé le rá fúinne, an ghlúin, seo, gur muidne a bhí ciontach le briseadh do-leighiste i slabhra na teanga. Is breá é an Comóradh seo le leac cuimhneacáin ach is gá gníomh beo do shlánú teanga.

An Chéad Chéim

Ós rud é go raibh an méid sin díospóireachta faoin nGaelscolaíocht ag an am, tháinig grúpa tuismitheorií chuig Conradh na Gaeilge, Inis chun feachtas a thosú le Bunscoil LánGhaeilge a bhunú in Inis. Bunaíodh coiste le Roibeard O Ceallaigh mar Chathaoirleach agus tosaíodh ar an bhfeachtas earcaíochta chun an uimhir chuí de pháistí a fháil chun an scoil a bhunú. Chuir Comhaltas Ceoltóirí Eireann seomraí ar fáil i gCois na hAbhna agus ceapadh Domhnall Ó Loingsigh mar chéad Phríomh Oide ar an scoil nua a hainmníodh i gCuimhne ar Mhícheál Cíosóg agus d’oscail dóirse na scoile den chéad uair ar an 2ú Meán Fomhair 1983. Bhí Roibeárd O Ceallaigh mar Chathaoirleach ar an gcéad Bhord Bainistíochta, Domhnall O Loingsigh mar Runaí, Máirtín O Dubháin mar Chisteoir, agus Pádraig Mac Mathúna, Áine Ní Dhrisceoil, Máire Ní Mhaoileoin agus an tAthair Séamus O Maoláin mar bhaill.

Bhí aon scoláire déag i láthair ach de réir a chéile, bhí an scoil ag fás agus sa dara bliain, fostaíodh an dara múinteoir, Eithne Ní Dhonaile. Faoin mbliain 1986, bhí ar an scoil bogadh isteach i seomraí réamh-dhéanta a bhí tógtha ar shuíomh a chuir Comhairle Contae an Chláir ar fáil in aice láimhe. Lean an Ghaelscoil ag fás agus tosaíodh ar fheachtas chun buan-fhoirgneamh a chur ar fail ar shuíomh nua mar atá aici inniu. Bhog Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg isteach sa scoil nua i nGleann Aibhne i 1998. Ceapadh Máirín Uí Dhuinneacha mar phríomhoide i 1998 freisin. Tháinig Dónal Ó hAiniféin mar phríomhoide chuig Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg i 2006. Cuireadh clós nua agus roinnt seomraí breise leis an scoil i 2009. Bhí 243 dalta ar na rollaí i Meán Fómhair 2010. Tá 462 ar na rollaí ó MF 2017. Tá Naíonra Céimeanna Beaga ceangailte leis an scoil agus bíonn seisiún na maidine agus seisiún tráthnóna sa Naíonra a bhí faoi stiúr Áine Uí Dhrisceoil ó 1983 ach atá anois á stiúradh ag Katie Uí Chaoimh le blianta beaga anuas.