Mini 7’s Buaite ag Foireann Camógaíochta GMC

Bhí lá iontach ag foireann camógaíochta GMC an Déardaoin seo caite nuair a bhuaigh siad an comórtas Mini 7’s i nDroichead Abhann Uí gCearnaigh.

Bhí GMC i ngrúpa le Killmurray, Cill na Móna agus Cróisín. Bhí trí chluiche dian acu ach déirigh leis na gcailíní an lámh in uachtar a fháil i ngach ceann.

D’imir siad in aghaidh Clonmoney sa chraobh. Bhí cluichí den scoth ag Ella Ní Chathail, Irene Boatang agus ag cúlbáire na fóirne Annie Ní Loinsigh. Cé gur imir Clonmoney go maith iad féin, bhí cailíní GMC ró láidir dóibh.

Bhailigh an captaen Ella Ní Chathail an sciath do GMC don chéad uair ó 2008. Comhghairdeas ollmhór le chách.

 

2018-04-29T19:35:21+00:00