Maidir Le Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg

Is bunscoil Lán Ghaeilge comhoideachais luath thumadh iomlán í Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg (G.M.C.) a bunaíodh i 1983 chun freastal ar an éileamh don oideachas trí Ghaeilge in Inis agus na paróistí máguaird. Is scoil caitliceach faoi phátrúntacht Easpag Chill Dá Lua í. Cuireann G.M.C. roimpi oideachas d’ardchaighdeán trí mhéan na Gaeilge i ngach ábhar a chur ar fáil in atmasféar shona shlán do na daltaí go léir maraon le hardchumas dáththeangachas agus délitearthachta a bhaint amach.

Cuirtear béim ar leith i gcuraclam na scoile ar gach aon ghné den chultúr Gaelach; ceol, rince, ealaín, drámaíocht agus ár gcluichí gaelacha féin san áireamh. Forbraítear ardmheas ar ár bhféiniúlacht chultúrtha féin agus ar chultúir eile sa ghaelscoil. Tá an ghaelscoil fós ag fás le breis 470 dalta sa scoil i M.F. 2021 agus 24 ar an bhfoireann teagaisc le seisear ón bhfoireann speisialta oideachais san áireamh.

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK