Fraincise
Is múinteoir cláraithe í Rhona Gomès a chuireann ranganna maidine Fraincíse ar fáil sa scoil.
Cuireann Rhona modh múinte cáilithe teangan ar fáil do pháistí. Úsáidtear ábhair faoi leith sna ranganna chun teanga iasachta nua-aimseartha a chur faoi bhráid na bpáistí don chéad uáir. Leis an gclár ‘La Jolie Ronde’ faigheann na páistí deis amhránaíocht, dánta, scéalta, cluichí, ealaín agus cumadóireacht a chleachtadh trí mhéan na Fraincíse. Ta méid na ranganna teoranta – moltar áit a chur san áireamh.
Tosaíonn na ranganna roimh am scoile ó 8:40 go 9:20r.n. Luain go hAoine do chuile aois-ghrúpa.
Chun eolas breise a fháil cuir glaoch ar Rhona ag 086-8262500.
Club na bPáistí
Spraoi agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha trí mheán na Gaeilge ar fáil le haghaidh páistí idir Naíonáin Shóisearacha agus Rang a Sé.
Bíonn na ranganna ar siúl ó Luan go hAoine 2.00 – 6.30i.n. agus anois tá seirbhís fágála na maidine ar fáil chomh maith (7.30 – 9.20r.n.)
Téigh i dteangmháil le Tiarnán Ó Ruairc chun eolas breise a fháil: 085 164 9866.
Grupa Ceoil agus Cór na Scoile
Bíonn an-éileamh ar cheol traidisiúnta agus canadh sa scoil go háirithe do na ceolchoirmeacha, don Choineartú, don Chomaoineach agus ócáidí speisialta ar bith a bhíonn ar siúl. Déantar freastal ar réimse maith uirlisí, mar shampla, fidil, consairtín, bosca ceoil, feadóg stáin, tionlacan ar phianó , cláirseach agus giotár. Bíonn an-bhéim ar an amhránaíocht chomh maith agus bíonn Cór na Scoile an ghnóthach i rith na bliana ag cleachtadh go seacthtainiúil.
Spórt
Camógaíocht, Iománaíocht agus Peil Gaelach
Bíonn camógaíocht agus iománaíocht á n-imirt sa scoil. Bionn traenáil ar siúl go seachtainiúil. Más mian le do pháiste/pháisti páirt a ghlacadh, téigh i dteangmháil le hoifig na scoile.
Tras Tíre
Bíonn foirne láidre againn sa chomórtas rásaíochta tras tíre gach bliain. Bíonn cleactadh acu go seachtainiúil. Chun níos mo eolais a fháil, téigh i dteangmháil le hoifig na scoile.
Cispheil
Tá foirne cispheile buachaillí agus cailiní ag an scoil freisin. Bíonn siad páirteach i gcomórtaisí go rialta.
Snámh
Téann Rang 3 & Rang 4 ag snámh sa chéad téarma mar chuid den chlár corpoideachas.
Ealain
Spreagann Larisa na da Vincis agus Picassos óga gach seachtain le smaointe agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha.
Dé Máirt 13:45 – 14:45 (Naí Shóis & Shin)
Dé Máirt 14:45 – 15:45 (Rang 1 & 2)
Dé Céadaoin 13:45 – 14:45 (Naí Shóis & Shin)
Cuir glaoch ar Larisa ar 086 004 2004 chun a thuilleadh eolais a fháil.
Ficheall
Glacann roinnt mhaith páirt i bhficheall roimh am scoile ar an Deardaoin ó 8:30 – 9:00.
Chun eolas breise a fháil, téigh i dteangmháil leis an oifig.
Hip Hop
Foghlaimíonn na daltaí conas damhsa hip hop a dhéanamh le Yvonne. Baineann siad an -sult as.
Dé Máirt & Dé hAoine 13:45 – 14:45 (Naí Shóis & Shin)
Dé Máirt & Dé hAoine 14:45 – 15:45 (Rang 1 – 6)
Eolas ó Yvonne ar 086 805 9074
Jiu Jistu
Múineann iar-scoláire John Jiu Jitsu sa scoil. Is aoibhinn leis na daltaí an rang seo.
Dé Céadaoin 13:45 – 14:45
Dé Céadaoin 14:45 – 15:45
Chun níos mó eolais a fháil, cuir glaoch ar John ar 089 206 2615
Damhsa Gaelach
Ar siúl gach Luan tar éis am scoile sa halla.
Dé Luan 13:45 – 14:45 & 14:45 – 15:45
Labhair le Helen ar 087 623 1106
Yoga
Baineann na daltai Zen amach le Miranda sna ranganna Yoga a dheanann sí ar scoil.
Dé Máirt 13:45 – 14:45 (Naí Shóis & Shin)
Dé Máirt 14:45 – 15:45 (Rang 1 – 4)
Chun níos mó eolas a fháil, glaoigh ar Miranda ar 085 832 1292