‘Séard atá i gceist le Náíonra ná gnúpa páistí idir 3-5 bliain d’aois agus Stiúrthóir a thagann le chéile ar feadh cúpla uair a chloig sa lá chun a bheith ag imirt is ag foghlaim tríd an imirt, i halla, i dteach nó in áras éigin eile atá oiriúnach. Bíonn dhá phríomhaidhm  ag an Náíonra:

  • cabhrú leis an bpáiste é/í féin a fhorbairt ar gach slí;
  • cabhrú leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú nó a c(h)umas labhartha sa Ghaeilge a chur chun cinn agus í a úsáid mar ghnáth theanga chumarsáide.

Bíonn réimse fairsing gníomhaíochtaí agus cluichí ar siúl ag an bpáiste sa Náíonra, ag imirt le gaineamh agus le huisce agus ag spraoi le bréagáin oiriúnacha. Cuirtear béim ar an ealaíon agus ar an gceardaíocht. Déantar réamhobair don léitheoireacht, don scríbhneoireacht  agus don mhatamaitic. Is í an Ghaeilge amháin a úsáideann an Stiúrthóir chun é seo go léir a eagrú agus a phlé leis na páistí.

Nuacht ón Náíonra

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK