An Brat Glas:

Bunaíodh Coiste Glas sa scoil, idir mhúinteoirí agus páistí, ag tosach na scoilbhliana 2013. Is rud an-dearfach agus suntasach é do na páistí bheith chomh páirteach sa scéim agus an méid sin freagrachta

a bheith acu. Buaileann an coiste le chéile go rialta chun na gnéithe éagsúla a phlé. Déanann siad monatóireacht agus smaoiníonn siad ar athruithe gur féidir leo a chur i gcrích agus feabhsaithe gur féidir a dhéanamh sa scoil. Cuireann baill an Choiste Glas na páistí/múinteoirí eile ar an eolas go minic faoi na gníomhaíochtaí atá ar siúl.

Go dtí seo tá dhá bhrat bronnta orainn. Fuaireamar an chéad bhrat d’athchúrsáil agus an dara brat do fhuinneamh a shábháil.

Faoi láthair, táimid ag obair ar an triú brat a fháil. Thosaíomar ag féachaint ar na bealaí difriúla gur féidir linn uisce a shábháil ar scoil agus sa bhaile. Tá go leor oibre déanta cheana féin agus le cúnamh Dé beidh ár dtriú brat againn go luath.

“Tús maith, leath na hoibre”

An Gáirdín Scoile

Bíonn páistí na scoile gníomhach ag obair i ngáirdín na scoile go rialta. Idir síolta a chur, cré a chur síos, uisce a chur ar na plandaí, is léir go mbaineann na páistí an sult as. Tagann Mary isteach go seachtainiúil chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dóibh. Nach bhféachann an gáirdín go hálainn.

   

An Brat Gníomhach

Tá an fhoireann theagaisc ag obair leis na daltaí, leis na tuismitheoirí agus leis an bpobal uilig chun an Brat Gníomhach a ghnóthú . Faoi láthair tá páistí na scoile ag tabhairt faoi ghníomhachtaí chun an brat a fháil. I mbliana  beidh seachtain Bí Gníomhach againn, comórtas scipeála, lá rothaíochta, an Mile Challenge agus beimid ag tabhairt faoi Obair Bhaile gníomhach chomh maith. Mar a deir an seanfhocal  “ar scáth a chéile a mhairimid”

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK