Coinní le Múinteoirí

Feidhmíonn polasaí teagmhála atá páiste lárnach i nGMC. Mar chuid de sin beidh fáil ar oidí na gaelscoile agus príomhoide na gaelscoile ag am ar bith atá oiriúnach do gach duine ach coinne a bheith déanta roimh ré trí oifig na gaelscoile. Ar mhaithe leis na daltaí go léir, ní féidir le múinteoirí am  fíor-luachmhar teagaisc a chailliúint ag labhairt le tuismitheoirí gan na réamhshocraithe chuí a bheith déanta don rang.

Éide Scoile

Is culaith reatha glas agus buí le léine polo an éide scoile. Tá siad ar fail i Mc Cannons, Sráid an Mhargaidh Íochtair, Inis, Co. An Chláir.Ba cheart go mbeadh lipéad le ainm an dalta ar gach aon chulaith spóirt (barr, bun agus léine polo san áireamh).  Is feidir iad a ordú ar an idirlíon ag www.mynametags.ie

An Lá Scoile

  • Bailítear, naíonáin 1.30 i.n. & gach rang eile 2.30 i.n. Is gá na páistí atá ag déanamh spóirt tar éis am scoile  a bhailiú ag a 3.30 i.n.
  • Ligfear páistí isteach i suíomh na scoile ó 8.30 r.n. agus tosóidh ranagnna scoile ag 8.50 r.n.

Ag Teacht ar Scoil

  • Iarraim ar thuismitheoirí an timpeallán a úsáid agus imeacht gan mhoill chomh luath agus atá na páistí ligthe amach as an gcarr acu ar maidin. Ná párcáil lasmuigh de na geataí. Níl cead ag tuistí/páistí carrchlós na scoile a úsáid.
  • Úsáid do scátháin agus tú ag tarraingt amach. Caith criosanna sábhála.
  • D’fhéadfadh cláruimhreacha gluaisteáin na ndaoine a bhriseann na treoracha seo go rialta a bheith clóite sa chéad nuachtlitir eile nó curtha ar ár gcúntas twitter @gmcinis.
  • Ba cheart do na Naí Shóisearcha & Shinsireacha ar fad teacht le chéile ina gclós féin ar chúl agus ar thaobh na scoile gach maidin.
  • cosc ar mhadraí i gclós na scoile

ÁITEANNA DON NAÍONRA & GMC 2022

Bhí an-éileamh ar  Naíonra Céimeanna Beaga agus ar an nGaelscoil arís  i mbliana. Má tá spéis agat áit a fháil sa Naíonra do 2021 nó i nGMC do 2022 is gá duit a chinntiú go bhfuil foirm líonta agat don Naíonra nó don Ghaelscoil.  Is féidir foirmeacha a fháil ó Oifig na Scoile. Dáilfear áiteanna roimh Mí an Mheiteamh 2021.

 

RANGANNA GAEILGE GMC/CLÁR AS GAEILGE

Bíonn ranganna Gaeilge an Fhómhair do dhaoine fásta ar siúl i gCois na hAbhna gach Luan.  Tá sraith 8 ranganna agus táille €60 don shraith iomlán.  Maireann na ranganna ó 7.00 – 8.00 i.n.  Foirfe do thosaitheoirí & feabhsaitheoirí. Eolas ó anclarasgaeilge@gmail.com nó 065 686 4474.

PLEAN CÚRAM SLÁINTE 2021/22

Tá uasdátú á dhéanamh ag GMC ar liosta na ndaltaí le fadhbanna ainsealacha sláinte a chuireann beatha i mbaol.  Má tá Asma, Diaibéiteas, Titeamas, Anaifiolacsais ag do pháiste is gá duit é a chur in iúl don scoil agus is gá Plean Cúram Sláinte nua a aontú leis an scoil do 2021/22 gan mhoill.  Más céiliach nó má tá ailléirge eile ag do pháiste ná cuireann a mbeatha i mbaol ach a chuireann isteach go mor ar shláinte do pháiste, ba cheart é sin a chur in iúl dúinn freisin ag runai@gmci.ie agus plean cúram sláinte 2018/2019 a aontú linn.

MÍOLTÓGA GRUAIGE

Iarraimid ar thuismitheoirí a chur in iúl don mhúinteoir ranga gan mhoill má bhíonn míoltóga gruaige ag a bpáiste/bpáistí.

  • Tá sé tábhachtach go seiceálfadh tuismitheoirí R1 – R6 an dialann scoile gach oíche agus é a shíniú. Beidh nóta faoi aon fhógraí, rl. chomh maith leis an obair bhaile sa dialann. Cláraigh cúis asláithreachta ar Aladdin Connect líon an nóta glass a dialanna scoile.

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK