Éiteas na Scoile
Is bunscoil Lán Ghaeilge comhoideachais luath thumadh iomlán í Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg (GMC) a bunaíodh i 1983 chun freastal ar an éileamh don oideachas trí Ghaeilge in Inis agus na paróistí máguaird. Is scoil chaitliceach í faoi phátrúntacht Easpag Chill Dá Lua. Cuireann GMC oideachas d’ardchaighdeán trí mhéan na Gaeilge ar fáil i ngach ábhar, in atmaisféar sona slán do na daltaí go léir agus eíríonn leo ardchumas dáththeangachas agus délitearthachta a bhaint amach. Cuirtear béim ar leith i gcuraclam na scoile ar gach aon ghné den chultúr Gaelach; ceol, rince, ealaín, drámaíocht agus ár gcluichí féin san áireamh. Forbraítear ardmheas ar ár bhféiniúlacht chultúrtha féin agus ar chultúir eile sa ghaelscoil.
Foireann na Scoile 2024-25
An Bord Bainistíochta
Caomhán Ó Conghaile (Cathaoirleach agus Ionadaí an Phátrúin)
Dónal Ó hAiniféin (Príomhoide agus Rúnaí an Bhoird)
An tAth. Seosamh Mac Mathúna (Ionadaí an Phátrúin agus Leas-Chathaoirleach)
Carmel Ní Bheachain (Ionadaí na Foirne)
Gráinne Uí Riain (Ionadaí na dTuismitheoirí)
Tiarnán Ó Ruairc (Cisteoir agus Ionadaí na dTuismitheoirí)
Gearóid Ó Seasnáin (Ionadaí ón bPobal)
Mary Killeen-McCarthy (Ionadaí ón bPobal)