Thosaigh an drámaíocht sa scoil seo i 1983, an bhliain chéanna inar bunaíodh an scoil féin. Bhíodh dramaí ag gach rang ó na naíonáin go Rang a Sé. Ghlac siad páirt sa bhFéile Scoildrámaíochta go háitiúil, sa bhFéile Cúige agus sa bhFéile Náisiúnta. Chomh maith leis sin, ghlac siad páirt go háitiúil agus go náisiúnta i Slógadh go dtí gur chríochnaigh sé i dtús na nóchaidí. Faoin am sin, bhí caighdeán den scoth bainte amach ag drámaí na scoile chuile bhliain agus craobhacha náisiúnta á mbuachaint, go háirithe sa bhliain 1990 nuair a bhuaigh an rang céanna Craobh na hÉireann sa Scoildrámaíocht agus i Slógadh. Ó chasadh na haoise tá ceithre Chraobh na hÉireann eile buaite chun cur leis an sraith onóra sa scoil.

Cé gur taitneamhach agus cúis mórtais iad na honóracha céanna, is tábhachtaí ar fad an pléisiúr a bhaineann gasúir as bheith ar an stáitse os comhair slua beag nó mór agus an draíocht a bhaineann le sin. Go minic, ní thuigtear an fhorbairt agus an fás a thagann ar phearsantacht na ngasúr go dtí go mbíonn siad fásta suas; go dtugann sé sásamh inmheánach chomh maith le féin-mhuinín atá
fíor-thabhachtach don duine. Déarfaidh alán aisteoirí gur phioc siad suas an “bug”, ar dtús i ndráma scoile. Tá sé fós ar lean gach bliain nuair a ghluaiseann dream óg eile i dtreo an stáitse

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK