Do phobal na Gaelscoile,
Beatha agus sláinte. Thar ceann an Bhoird Bhainistíochta ba mhaith liom míle fáilte ar ais a chur roimh gach duine. Tá súil agam go raibh samhradh deas agaibh go léir.
Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar rang a sé atá imithe ar aghaidh chuig meánscolaíocht agus buíochas a ghabháil libh go léir agus bhur gclanna.
Ar ndóigh ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh na naonáin atá ag tosú den chéad uair i nGaelscoil Mhíchíl Cíosóg.
Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na múinteoirí atá tar éis imeachta nó dul ar scor. Go n-éirí go breá leo amach anseo. Ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh na múinteoirí nua agus baill foirne nua atá ag tosú linn. Guím gach rath oraibh.
Ní mór aitheantas faoi leith a thabhairt do chuile dhuine, páistí, tuismitheoirí, comhairle na dtuismitheoirí, bainistíocht, meánbhainistíocht, múinteoirí, cúntóirí riachtanais speisialta, rúnaithe, naíonra agus an fhoireann cothabhála faoi stiúir an phríomhoide Dónal. Tá obair thar na bearta déanta agus á dhéanamh agaibh go léir.
Le dea ghuí,
Thar ceann an Bhoird Bhainistíochta,
Caomhán Ó Conghaile.

 

Do phobal na Gaelscoile,
Beatha agus sláinte. On behalf of the Board of Management I would like to welcome everyone back. I hope you all had a good summer.
I would like to wish sixth class the very best as they move on to secondary school and thank you all and your families. Of course I would like to give a warm welcome to the naonáin starting at Gaelscoil Mhichíl Cíosóg.
I sincerely wish to thank teachers who have left or retired. Good look to them in the future. A big welcome to new teachers and staff starting with us.
Special recognition must be given to everyone, children, parents, the parents’ council, management, middle management, teachers, special needs assistant, secretaries, nursery and the maintenance team led by principal Dónal. You all have done and are doing extraordinary work.
Le dea ghuí,
Thar ceann an Bhoird Bhainistíochta,
Caomhán Ó Conghaile.

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK