Drámaíocht 2014-12-11T14:02:25+00:00

Thosaigh an dramaíocht sa scoil seo ag an am céanna a bunaíodh an scoil féin i 1983. Bhíodh dramaí ag gach rang suas an líne ó na naíonáin go Rang a Sé. Ghlac siad páirt sa bhFéile Scoildramaíochta go háitiúil, sa bhFéile Cúige agus sa bhFéile Náisiúnta. Chomh maith leis sin, ghlac siad páirt go háitiúil agus go náisiúnta i Slógadh go dtí gur chríochnaigh sé i dtús na naochaidí. Faoin am sin, bhí caighdeán den scoth sroichte ag dramaí na scoile chuile bhliain agus craobhacha náisiúnta á bhuachaint, go háirithe 1990 nuair a bhuaigh an rang céanna Craobh na hÉireann sa Scoildramaíocht agus i Slógadh. Ó chasadh na haoise tá ceithre Chraobh na hÉireann eile tagtha an slí chun cur leis an sraith onóra sa scoil.

Cé gur taitneamhach agus cúis mórtais iad na honóra céanna is tábhachtaí ar fad an pléisiúr a bhaineann gasúir as bheith ar an stáitse os comhair slua beag nó mór agus an draíocht a bhaineann le sin. Go minic, ní thuigtear an forbairt agus fás a thagann ar phearsantacht na ngasúr go dtí go mbíonn siad fásta suas; go dtugann sé sásamh inmheánach chomh maith le féin mhuinín atá fíor thabhachtach don duine. Déarfaidh alán aisteoirí gur phioc siad suas an “bug”, ar dtús i ndráma scoile. Tá sé fós ar lean gach bliain nuair a ghluaiseann dream óg eile i dtreo an stáitse.