Spórt 2014-12-11T15:10:13+00:00

Camógaíocht / Iománaíocht / Peil

Tá camógaíocht agus iománaíocht á n-imirt sa scoil anois le cúig bliana déag. Thosaigh an fhoireann camógaíochta i Roinn a Cúig agus ghlac siad páirt i gcomórtais Chumann na mBunscol ó 1997 ar aghaidh. Tá gach roinn buaite acu suas ar aghaidh ag críochnú le bua caithréimeach na bliana seo caite (2009) i gcluiche ceannais Roinn 1 in aghaidh Dhroichead an Chláir. Chomh maith leis sin, tá craobh na Mini 7s buaite uair amháin ag an scoil i 2008. Tá cailiní na scoile tar éis imirt ar fhoirne Chontae an Chláir ó leibhéal bunscoile chomh fada suas le sinsear don chontae i mbliana den chéad uair riamh.

Tá an iománaíocht bonn/mar araon / ar aon chéim leis an gcamógaíocht sa scoil. Tá gach roinn ó Roinn a Sé aníos buaite ag an scoil ó 1997 i leith agus anois tá siad ag glacadh páirte i Roinn 1 (Cumann na mBunscol). Tá buachaillí na scoile tar éis imirt don chontae ag go leor leibéal ó shin le buaiteoirí na Mumhan agus Uile Éireann ina measc.
Thosaigh an scoil ag glacadh páirte i gcomórtais peile Chumann na mBunscol i 2006 agus tá Roinn 1 bainte amach cheana féin ag na buachaillí agus na cailíní. Bhuaigh na buachaillí comórtas Mini 7’s an chontae i 2008. Tá craobh Roinn 1 buaite ag cailiní na gaelscoile i 2008 agus Sciath Roinn 1 i 2009. Bhain na buachaillí an sciath amach i 2008 ach bhuaigh Droichead an Chláir orthu.

Cispeil / Snámh / Rásaíocht Tras Tíre

Tá foirne cispheile buachaillí agus cailiní ag an scoil freisin. Bíonn siad páirteach i gcomórtas chuimhneacháin Marion Keane gach bliain. Téann Rang 3 – Rang 6 ag snámh sa chéad téarma. Bíonn foirne láidre againn sa chomórtas rásaíochta tras tíre gach bliain.