Athrú Aeráide: Níl Aon Phlainéad B!

Ag tús mí na Márta agus muid ag léamh ‘E-Leathanach’ chualamar den chéad uair faoi Greta Thunberg agus an stailc idirnáisiúnta a bheadh ar siúl ar an 15ú Márta. Thosaigh Greta Thunberg stailc aonair sa tSualainn Mí Lúnasa seo caite. Tá sí an-bhuartha faoi athrú aeráide. Spreag sí páistí eile ar fud na hEorpa. Spreag sí muidne. Bhíomar ag iarraidh cabhrú leis an stailc seo agus mar sin scríobh duine againn litir chuig ár bpríomhoide ag míniú dó cén fáth go raibh fonn orainn dul ar stailc, rinneamar póstaeir

20190315_113825
20190315_113034
20190315_104809
20190315_104815
agus  chuamar go baile na hInse agus rinneamar agóid maidir leis an neamhaird atá daoine ag déanamh ar an athrú aeráide. Rinneamar póstaeir agus chanamar ‘Ná cuir am amú, tá an domhain faoi bhrú!’ Bhí a lán daoine ag éisteacht linn. Ní neart go cur le chéile!

Back

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK