Eolaíocht i Rang 5: ag déanamh peireascóp

Nuair a bhíomar ag léamh faoin gCéad Chogadh Domhanda d’fhoghlaim muid gur úsáideadh peireascóip sna trinsí chun na naimhde a fheiceáil. Bhíomar fiosrach faoi seo agus mar sin rinneamar níos mó taighde…

Rinneamar staidéar ar sholas agus conas is féidir le solas taisteal. Níl solas in ann dul timpeall cúinne ach amháin má úsáidtear scáthán.
Chuireamar peireascóp le chéile, ag úsáid dhá scáthán agus bhí an solas in ann taisteal ón bpoll ag an mbun amach an poll ag an mbarr.

Back

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK