Fáiltiú ón mBord Bainistíochta Meán Fómhair 2022

Do phobal na Gaelscoile,
Beatha agus sláinte. Thar ceann an Bhoird Bainistíochta ba mhaith liom míle fáilte ar ais a
chur roimh gach duine. Tá súil agam go raibh samhradh deas agaibh go léir. Le cuidiú Dé, tá
súil agam go bhfuil scoilbhliain thaithneamhach amach romhainn go léir.
Tréaslaím leis na daltaí go léir as rang a sé agus iad ag dul ar aghaidh chuig meánscolaíocht.
Guím gach rath agus sonas oraibh go léir.
Ar ndóigh ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh na naonáin atá ag tosú den chéad uair i
nGaelscoil Mhíchíl Cíosóg agus na páistí nua sa Naíonra freisin. Ba mhaith liom fáilte mhór
eile a chur roimh na múinteoirí nua agus gach ball foirne atá ag tosú linn den chéad uair.
Guím gach rath oraibh.
Ní mór aitheantas faoi leith a thabhairt do chuile dhuine, páistí, tuismitheoirí, comhairle na
dtuismitheoirí, bainistíocht, meánbhainistíocht, múinteoirí, cúntóirí riachtanais speisialta,
rúnaithe, Naíonra agus an fhoireann cothabhála faoi stiúir an phríomhoide Dónal. Tá obair
thar na bearta á dhéanamh agaibh go léir.
For the Gaelscoil community,
Beatha agus sláinte. On behalf of the Board of Management I would like to welcome
everyone back. I hope you all had a nice summer. With Gods help, let’s hope we can look
forward to an enjoyable school year.
Congratulations to all sixth class students now in second level education. I wish you all the
best of luck and happiness.
Of course I would like to give a warm welcome to all the new children who are starting for
the first time in Gaelscoil Míchíl Císóg and also the new children in the Naíonra. I would like
to extend another big welcome to the new teachers and all staff members who are starting
with us for the first time. I wish you all the best.
Special recognition must be given to everyone, children, parents, the parents council,
management, middle management, teachers, special needs assistants, secretaries, Naíonra and
the maintenance team led by our wonderful principal Dónal. You are all doing extraordinary
work.
Thar ceann an Bhoird Bainistíochta,
Caomhán Ó Conghaile.
_________________________________________

Back to Results

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK