Cuirtear an-bhéim ar chúrsaí ceoil sa ghaelscoil. Bíonn an cór scoile agus an grúpa ceoil ag cleachtadh go seachtainiúil sa scoil.
Bíonn an-éileamh ar cheol traidisiúnta na leanaí scoile, go háirithe do na ceolchoirmeacha, don Choineartú, don Chomaoineach agus do ócáidí speisialta ar bith a bhíonn sa scoil. Déantar freastal ar réimse maith uirlisí, mar shampla, fidil, consairtín, bosca ceoil, feadóg stain, tionlacan ar phianó , cláirseach agus giotár. Tá an-bhéim ar amhránaíocht thraidisiúnta agus giota seán-nóis. Tá an-dúil ag cuid de na múinteoirí sa cheol seo agus freastalaíonn siad ar na ranganna iad féin. Is de bharr an ghrá agus an phaisin atá ag an bhfoireann don gceol agus don gcultúr, go bhfuil sár-chaighdeán ceoil ag daltaí na scoile. Moltar go hard na páistí uilig as ucht na dea-oibre agus na dílseachta atá tugtha acu don scoil thar na blianta i gcursaí ceoil na scoile.
Glacaimid páirt i bhFéile na hInse anseo. Idir Chóir, Scóraíocht, grúpaí ceoil, grúpaí bailéad agus araile, tá an-chuid spreagadh tugtha ag an gCoiste dúinn. Is tacaíocht mhór é don Ghaelscoil, mar tugann sé ardán do na leanaí uilig páirt a ghlacadh in imeachtaí trí mheán na Gaeilge. Baineann na leanaí an-taitneamh as agus tugann sé muinín dóibh agus dá dtuistí.

This website uses cookies to enhance your browsing experience. By using this site you agree to our Cookie Policy OK